Is caifé foirfe é Plámás i nGaillimh chun do chúpla focal a chleachtadh agus do Ghaeilge a úsáid!

Le Leona Gilmore
Má tá tú ag iarraidh do chúpla focal Gaeilge a úsáid nó an Ghaeilge a fhoghlaim, is é Plámás an áit duit!
Is caifé neamhspleách, Gaillimheach agus bródúil é Plámás. Úsáideann sé ár dteanga oifigiúil, an Ghaeilge, agus tá sé suite i gCearnóg an Chinn Thiar, i nGaillimh. An mhí seo caite, rinneadh ceiliúradh ar lá breithe Plámás den cheathrú huair. Le blianta beaga anuas, chuir Plámas fáilte Uí Cheallaigh roimh gach duine, tríd a ndoirse adhmaid gorma. Is cuma cén caighdeán nó leibhéal atá agat, cuirtear fearadh na fáilte romhat.
Má ordaíonn tú as Gaeilge, gheobhaidh tú luach lascaine. Ach, tá i bhfad Éireann níos mó buntáistí! Mar shampla, bíonn earraí úrbhácáilte blasta ó Lán Kitchen ar fáil i bPlámás chomh maith. Anuas ar sin, cruthaíonn Plámás dea-atmaisféar neamhfhoirmeálta chun an Ghaeilge a labhairt.
Ciallaíonn ‘Plámás’ ‘to flatter’ i mBéarla. Is ainm fíor-oiriúnach é don chaifé Plámás, mar tá sé lán le craic, greann, agus daoine fiúntacha.
Thosaigh Ferdia ag obair mar bharista i bPlámás ó thús na bliana seo. Is as Dún na nGall do Ferdia, agus is Gaeilgeoir den scoth é. Tugann Plámas deis sár-mhaith dó a Ghaeilge a labhairt gach lá fad is atá sé ag obair.
I bhfocail Ferdia; ‘Is breá liom mo fhoireann a bhím ag obair le, na custaiméirí cairdiúla, agus an deis atá agam an Ghaeilge a úsáid de réir go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil uainn”.
Tugann Ferdia an chomhairle chéanna do dhaoine atá ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú. Molann sé dóibh a bheith ag féachaint ar chláir teilifíse i nGaeilge go laethúil.
Luann Ferdia, “Tum tú féin sa teanga! Léigh leabhair Gaelacha, féach ar scannáin nó cláir teilifíse trí Ghaeilge, éist le ceol, raidió agus podchraoltaí Gaelacha”.
Pointe eolais eile atá tábhachtach ná go bhfuil cead agat do pheataí a thabhairt go Plámás, beidh ríméad ar gach duine bualadh leo.
Ná bí buartha má tá tú ag tosú ag foghlaim na teanga nó má tá tú ag teacht isteach ag an caifé don chéad uair, mar go bhfuil treoracha crochta ar an mballa leis na heocharfhocail agus an fhoghraíocht.