Labhraíonn Trá Pháidín Faoi Cloch’s Cloí, Bánú Chonamara agus a Fhuaim Éagsúil

Trá Pháidín. Photo: Sara Leslie
By Fionn Ó Cualáin
Thiar sa gCeathrú Rua tá trá bheag ann darbh ainm Trá Pháidín agus i 2019 tháinig dream le chéile ó Chonamara, Corcaigh, Ciarraí is fiú Port Láirge chun buíon de cheoltóirí a tosnú faoin ainm díreach céanna, Trá Pháidín.
Tá siad théis cheithre albam a chuir amach, an ceann nua Cloch’s Claí ag fháil léirmheasanna den scoth ó chuile nuachtáin a scríobhann fúb, agus faoi láthair tá siad i mbun camchuairt na hÉireann ó fud an tíre.
Shuigh mé síos le Peadair Tom Mercier, a chasann an giotar dhóibh, chun labhairt leis faoin mbanna, an t-albam nua agus neart eile!
Cé thú fhéin agus céard é Trá Pháidín?
Bhuel is mise Peadar Tom as a gCeathrú Rua agus táim páirteach don bhanna Trá Pháidín. Is grúpa ceoil muid a mheascann an ceol traidisiúnta, an snagcheoil, ceol tíre agus neart eile inspioráidí eile. Chomh maith leis sin tá dhá dhrumadóir againn!
Tá go leor fuaimeanna suimiúla a mheascadh le chéile agaibh, cén saghas inspioráidí a chuir tionchar ar bhúr gcuid gceol?
Bhuel nuair atá seachtar nó ochtar agat i mbanna bíonn inspioráidí ag teacht ó chuile áit.
Tá an-tóir againn ar ghrúpaí ar nós King Gizzard & the Lizard Wizard, Horse Lords, bannaí móra samba, ceol tradisiúnta ar nós na Chieftans beagán snagcheoil ar nós John agus Alice Coltrane.
Tá muid an-tógthaí le snagcheol móideach (modal jazz) freisin, ní bhíonn mórán cordaí ann mar sin tá sé breá simplí is féidir linn díriú ar rudaí eile ar nós rithim éagsúla. Níl muid ag iarradh saghas “Hypertrad” a déanamh as lena mílte chordaí.
Tá mé cheapaidh go bhfuil ADHD nó rud éigin orainn uilig! Ba shin an t-aon mhíniú sílim go bhfuil i n-oiread inspioráidí againn
Cén chaoi a shocraigh sibh dhá drumaí a bheith agaibh?
Níl cliú agam i ndairíre, tosaigh muid amach le drumadóir amháin ar Set a hAon agus le haghaidh Set a Dó shíl muid nár smaoinigh breá é beirt drumadóir a bheith againn.
Le dhá dhruma, is féidir linn neart rudaí rithimiúil a déanamh cosúil le na bannaí samba agus rudaí eile suimiúla ar nós ilrithimí (polyrhythms) ‘s an sórt.
I ndairíre anois mór an bother é dhá dhruma a bheith againn, gheobhadh muid i bhfad mó gigeanna gan é! Ach b’fhiú an trioblóid tá orm a rá.
Cén chaoi a mbíonn sibh ag taifead bhur gcuid ceoil, a mbíonn drugall oraibh é a dhéanamh leis na huirlisí uilig?
Ara bhfuil a fhios agat, bhí agus ní raibh. Rinne muid taifead den albam nua Cloch’s Claí i seomra suite mo mhuintire agus cé nach raibh mórán spáis againn, go háirithe leis an dá dhruma, d’éirigh linn sa deireadh.
Nuair a bhíonn muid ag taifead, bíonn muid ag casadh mar a bheadh muid ag casadh beo, bíonn beagán multi-track agus overdubbing i gceist leis ach den cuid is mó ba chosúil le albam beo atá i gceist.
Sé Aindriú de Buitléir a bhí mar innealtóir fuaime againn agus rinne sé sár jab leis an méid uirlisí a bhí ann ó lapstíl, dord, sacsafón, cláirnéid is neart eile. D’oibrigh sé amach sa deireadh, thug sé an-chuid cúnaimh dúinn freisin nach raibh orainn cíos ar bith a íoc ach an oiread!
Is muid labhairt faoi Cloch’s Claí, cén chaoi a scríobh sibh é, cén chaoi a dtáinig an rud uilig le chéile?
Bhuel tá dhá pháirt i gceist, an ceol é fhéin agus an saghas struchtúr tobchumadóireachta a bhain muid úsáid as. Scríobh muid 10 bpíosa, uilig i D mar shin níl gá tada a tuneáil idir na hamhráin!
Tá sé an-chosúil le píosa scríobh Terry Reilly darbh ainm In C, tá rogha ag na ceoltóirí uilig céard a chasann siad ag hé bí cén ord atá siad ag iarraidh.
Dúinne, is cloch atá i chuile amhrán agus chuile uair a bhíonn muid á gcasadh tá muid ag chur claí nua le chéile.
Tosaigh duine éicint an chéad píosa agus leath bealach tríd beidh smaoinigh ag duine eile “alright tá muid déanamh é seo anois”. Scaití thiocadh sé isteach ag áit aisteach agus bheadh ort oibriú leis.
Mar gheall ar an mbealach seo, beidh cruth difriúil ar chuile chlaí. Anois tá go leor cleachtaidh ag baint leis ach tá píosa craic leis an dúshlán sin a chuireann muid orainn fhéin.
Go hálainn go hálainn. Cén saghas téamaí a bhfuil le fáil ar an albam seo, cén saghas scéal a bhfuil sé ag inseacht?
PT: Tá sé aisteach anois mar tá go leor téamaí ann ach is cineál seafóid atá ann i ndairíre, cineál aoir (satire) atá i gceist freisin.
Comh maith leis sin ba mhaith liom go ndéanfadh daoine a meas fhéin ar scéal an albaim, céard atá siad fhéin ag baint ón gceol atá muid ag cruthú?
Mo mheas fhéin ar an gclaí mar shampla, gur íomha é sin go ceantair iargúlta iarthair na hÉireann atá draíochtúil go muintir D4 is daoine mar sin, ag caitheamh na milliúin chun píosa claí a fheiceáil. Rudaí ar nós fáinne an Chladaigh bíonn saghas cur i gcéill ag baint leo.
Dom fhéin ‘s daoine eile, breathnaíonn muid amach an fhuinneog chuile lá orthu ag ceapadh, “Jesus cén chaoi an bhfuil siad sin fós ina seasamh?”. Tá neart tithe is scoileanna théis titim óna chéile, áiteanna bánaithe agus fós fhéin tá na claíochaí sin fós ann!
Agus bheadh mé ag feiceáil na rudaí seo uilig ‘s mé tiomáint thart agus bheadh scéalta ar Raidió na Gaeltachta faoi thithíocht agus an faoi scoileanna ag dúnadh síos, chuirfeadh sé ísle brí ort.
Bheinn ag cuimhneamh faoi na rudaí seo uilig agus mar a deireann lucht an Bhéarla “if you didn’t laugh you’d cry” ‘s shíl muid, tá sé chomh dúinn aoir a déanamh faoi.
Tá trí bliana sa difir idir An 424 is Cloch’s Claí, céard a d’athraigh idir na blianta sin?
PT: Ar an t-albam nua stóthaí go bhfuil níos mó béime cúrtha air gnéithe ceol tradisiúnta, níos mó tobchumadh (improv) agus tá níos mó focla i gceist freisin.
Chomh maith leo sin tá beagán níos mó ciall ag baint leis le h-ais An 424, diabhail mórán ciall a bhí leis an ceann sin tá orm a rá!
Bhí muid níos sásta ar An 424 chomh maith, tá an ceann nua chomh depressing i gcompráid leis. Le hagaidh an Geimhreadh atá an Cloch’s Claí, beidh saghas Trá Phaidín Winter againn!
Tá neart gigeanna agus ceol théis taifeadaí aghaibh thar na blianta, cén ceann acu ba mhó a thaitníonn leat?
B’fhearr liom ag taifead tá orm rá. Cuimhnigh ar na Beatles fadó bhí an chuid chraic acu ag dul isteach chaitheamh an lá uilig sa stiúideo ag déanamh rudaí chomh randam.
Tá sé go deas a bheith i seomra ag díriú ar an rud céanna an t-am ar fad agus dá mbeadh níos mó airgead sa taifead bheadh muid ag taifead i bfhad níos mhinicí ach dár ndóigh ní shin cuma atá ar an scéal.
Anois, is breá liom casadh beo chomh maith go háirithe má tá slua a bhfuil beomhar is ag éisteacht leat. Gigeanna ar nós thiar sa Thaibhdhearc ar gcomhair Anois is Arís cúpla seachtain siar, ár chéad ghig a riamh chas muid i mBleá Chlaith i Tigh Cleary’s, sean local Micheál Ó Coileáin agus bhaineann muid an-sult as aon babhta is muid casadh thuas i mBeál Feiriste.
Má téann gig go maith níl tada níos fearr ná é, ach is frusta rudaí dul mícheart, mar shampla múna bhfuil fuaim maith ag an seomra nó má tá deachrachtaí ann mé fhéin a cloisteáil bíonn sé deacair sult ceart a bhaint as ceolchoirm ó am go chéile.
Bhí tú caint ansin faoi deacreachtaí airgead a déanamh as an taifead, cén fáth a shin?
Ní bíonn aon duine ag cheannacht ceol níos mó, tá sé uilig ar do fón agus ní fheiceann na ceolteoirí mórán don airgead sin a chor a bith.
Níl sé i bfhad ó shin go raibh daoine ag cheannacht dlúthdhioscanna chun ceolteoirí a choinneáil imeacht ach dár ndóigh tá na laethanta sin bailithe.
Tá Bandcamp go maith anois bíonn cuid mhór don airgead ag dul dhuit agus bíonn chuile phingin dhó dul i do phóca lena “Bandcamp Fridays”. Anois tá luchtaí fhéin an Bandcamp chomh maith ach b’ea an ceann is fearr liom de na “streamers” uilig.
Is rud an-nua é ag sruthú ceol agus tá sé fíor áisiúil ach bheadh sé go deas fháil íoctha as ár gcuid saothair! Níl sé riachtanach ach bheadh sé go deas. Tá costas céanna ar albam anois agus b’fhéidir trí caife, so má tá tú ar riamh ag cheannacht caife mar seo ar beidh an albam agat go deo agus beidh an caife sin ólta taobh istigh go 10 nóiméad!
Tá muid ag teacht i dtreo an deireadh anois ach sular fhágann muid cén h-iad na pleanannaí atá aghaibh amach anseo?
Tá cúpla rud ar mbun againn, roinnt gigeanna eile don bhliain agus don bhliain seo teacht, b’féidir camchúirt beag thar sáile ag pointe éicint agus tá cúpla rud le taifead againn ag pointe éicint.
Sin é i ndairíre, níl mé in ann cuimnigh ar tada aisteach a bhéis muid ag déanamh ach is stothaí go ndéanadh muid rud éigin aisteach!
Tá Cloch’s Cloí agus albaim eile le Trá Pháidín ar fháil ar Bandcamp agus ardán shruthaithe eile. Tuilleadh eolas le fháil ar Instagram @trawfawdeen.
