An Rás chuig an Teach Bán

By Saoirse Ní Dhulainne 

Ba bheag nár thug an córas vótála i Stáit Aontaithe Mheiriceá an dara seans do Donald Trump

Is cinnte go bhfuil córas vótála Stáit Aontaithe Mheiriceá casta ach conas go díreach a thoghtar uachtarán na Stát. Bheadh tú ag ceapadh go mbeadh an bua ag an iarrthóir a fhaigheann an líon is airde vótaí. Níl sé sin iomlán fíor i Meiriceá.

Nuair a bhí an bunreacht á scríobh ag an dream a bhunaigh an tír, níor cheap siad go mbeadh an pobal in ann an cinneadh ceart a dhéanamh agus uachtarán nua á thoghadh. 

Ní raibh siad ag iarraidh an cumhacht ar fad a thabhairt don Chomhdháil ach an oiread. Le cinntiú go dtoghfaí an t-iarrthóir ceart, cruthaíodh an coláiste toghcháin. 

Is coiste é an coláiste toghcháin a bunaíodh chun uachtarán nua a thoghadh.

Tá 538 toghdóir aonair mar pháirt den choláiste toghcháin, agus bíonn ar a laghad trí thoghdóir ag gach stát. 

Chun an bua a fháil, caithfidh iarrthóir ar leith tromlach na vótaí ón gcoláiste toghcháin a fháil. Mar sin, tá breis is 270 vóta ag teastáil ón iarrthóir buacach. Ag an am a cruthaíodh an coláiste toghcháin, ní raibh gá d’aon toghdóir a vóta a chaitheamh de réir na dtorthaí a nochtadh ar lá na vótála. 

Sa lá atá inniu ann, caithfidh toghdóirí ó níos mó ná leath de na stáit a vóta a chaitheamh de réir na vótaí a chaith an pobal sa stát. Cinntíonn sé seo go bhfuil glór ag toil an phobail agus an daonlathas i bhfeidhm sa tír. 

Mí na Samhna seo caite, d’éirigh le Joe Biden breis is 51% de na vótaí ón bpobal a fháil, ach bhí gach duine ag fanacht ar chinneadh an choláiste toghcháin. 

Dar ndóigh, is féidir an bua a fháil fiú mura bhfuil tromlach na vótaí ón bpobal ag an iarrthóir. Tharla sé seo nuair a bhí Hillary Clinton agus Donald Trump san iomaíocht don uachtaránacht in 2016. 

Bhí an bua ag Trump fiú amháin go raibh níos mó vótaí faighte ag Clinton ó mhuintir Mheiriceá. Dealraítear nach dtoghann an pobal an t-uachtarán, ach léiríonn vótaí an phobail an tosaíocht atá acu don uachtaránacht. 

Tá an focal scoir ag an gcoláiste toghcháin i leith an té a bheidh sa Teach Bán. 

Mar gheall ar an gcóras seo, caithfidh an t-iarrthóir tromlach na vótaí a fháil i ngach stát seachas sa tír ina hiomlán. 

Ina theannta sin, buann an t-iarrthóir na vótaí ar fad ón gcoláiste toghcháin don stát sin má tá tromlach na vótaí sa stát buaite acu. Tá dhá stát mar eisceacht sa chóras seo: Nebraska agus Maine. 

Bronnann an dá stát seo dhá vóta coláiste toghcháin de réir vótaí an phobail. Caithtear an dá vóta eile ó Maine agus an trí vóta eile ó Nebraska de réir na toghlach chomhdála sna stáit sin. 

De réir an chórais seo, is féidir na vótaí ón gcoláiste toghcháin a roinnt idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh.

Toghchán uachtaránachta neamhghnách a bhí in 2020 de bharr ghéarchéim an choróinvíris. 

Thosaigh daoine ag vótáil i mí Dheireadh Fómhair agus bhí spriocdháta luaite ar an bpáipéar balóide, bhí ar gach saoránach an páipéar balóide seo a sheoladh ar ais roimh an spriocdháta. 

Ní mó ná sásta a bhí Trump faoi bhua Joe Biden agus thosaigh sé ag maíomh go raibh calaois agus mealltóireacht i gceist sa toghchán. 

Ach de réir dealraimh, ní raibh cúis aighnis láidir ag Trump. Gan dabht, bhí Donald Trump ag úsáid an córas vótála a bhí i bhfeidhm le linn na paindéime mar bhunús don argóint a bhí ar bun aige. 

Caitheadh amach as na cúirteanna, gach cás cúirte a thionscnamh sé faoi chalaois a líomhnaigh sé sa toghchán. 

Dar ndóigh, sa toghchán uachtaránachta roinnt míosa ó shin, ní raibh stráitéis intuigthe nó comhsheasmhach ag Donald Trump – seachas, b’fhéidir, an tuairimíocht a rinne sé ar thoradh an toghcháin agus ansin, an chalaois a bhí á mhaíomh aige maidir le bailíocht na vótaí. 

Ní stráitéisí polaitiúil é Trump. Is fear gnó é a d’úsáid na meáin chun an uachtaránacht a bhaint amach. D’oibrigh a fheachtas ar na meáin shóisialta in 2016 ach níor oibrigh sé in 2020, agus mar gheall ar sin, ní raibh Trump in ann an Teach Bán a bhaint amach an athuair. Chruthaigh sé an téarma “eolas bréagach” nó  fake news, le linn a thréimhse mar uachtarán ar Mheiriceá. Anois, áfach, is cosúil gurbh eisean an duine a scaip an t-eolas bréagach ar fad. 

Tá súil agam nach mbeidh a leithéid i gcumhacht arís, ach mura bhfuilimid cúramach, d’fhéadfadh sé tarlú arís…b’fhéidir in Éirinn fiú!

For more Galway Pulse stories click here.

Follow us on FacebookTwitter and Instagram.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

%d