Le Éabha Lenaghan

Tá an rialtas tar éis Buiséad 2026 a nochtadh. Tá costas aonuaire na mbeart maireachtála ó na blianta roimhe seo in easnamh ar an pacáiste €9.4 billiún seo, ach bhog sé i dtreo bearta buana spriocdhírithe.

Seo iad na príomhathruithe:

  • Tá an Pá Íosta Náisiúnta ag dul suas 65c go €14.15 san uair.
  • D’fhonn pionós a sheachaint dó ar shaothraithe íosphá, ardaíonn banda ráta 2% an mhuirir shóisialta uilíoch (USC) go €28,700.
  • Déanfar na táillí atá ar mic léinn a laghdú ó €1,000 go €500 buan.
  • Ardóidh tairseacha ioncaim do dheontais SUSI de €5,000 go €120,000 in aghaidh an teaghlach.
  • Níl aon chreidmheasanna fuinnimh ann níos mó ach leanófar  an gearradh ar an ráta CBL 9% ar ghás agus ar fhuinneamh ar aghaidh go deireadh mhí na Nollag 2030.
  • Leanófar an ráta CBL níos ísle de 9% ar bhillí fóntais ar aghaidh ar feadh trí bliana go dtí deireadh 2028.
  • Cosnóidh breosla díreach os cionn 2c níos mó in aghaidh an lítir anois ar thiománaithe mar gheall ar an méadú ar tháillí cánach carbóin.
  • Cuirfear €10 milliún níos mó i dtreo spóirt, lena n-áirítear €3 mhilliún do chóras acadamh an FAI, €1.6 milliún do GAA idirchontae agus maoiniú chun forbairt ardfheidhmíochta i rugbaí na mban a neartú.
  • Coinneofar táillí laghdaithe iompair phoiblí don bhliain seo chugainn.
  • Ardóidh praghas paicéad de 20 toitín de 50c, le pacáiste anois díreach faoi €19.
  • Laghdóidh CBL ar ghnólachtaí bia, lónadóireacht agus gruagaireacht ó 13.5% go 9% ó mí Iúil 2026.
  • Cuirfear 12,400 ball foirne breise leis na hearnálacha poiblí, ar nós oideachas, an cúram sláinte agus an Garda Síochána.
  • Cuirfear €3.8 billiún do sheirbhísí míchumais.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Discover more from

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading