Site icon

Ró-luas lasmuigh den scoil ag cruthú eagla i bpobal Chonamara 

Le Kayla Barrett

Tá imní ag dul i méid i gConamara de réir mar a chuireann saincheisteanna sábháilteachta bóthair agus ró-luas lasmuigh de scoileanna beatha i mbaol.

Deir daoine áitiúla go bhfuil an fhadhb seo ar siúl ó 2021 i leith, agus mar gheall air sin, tá pobal Chonamara páirteach agus tá siad ag gníomhú.

Chuir tuismitheoirí agus múinteoirí in iúl na contúirtí a bhíonn roimh leanaí ag taisteal chun na scoile agus ar ais in iúl, ag impí ar na húdaráis bearta sábháilteachta a chur i bhfeidhm.

Dar le Philomena Ní Mhuinguile, duine áitiúil sa cheantar, “tá tuismitheoirí sa cheantar ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi seo le fada an lá. Tá an luas ag a théann roinnt tiománaithe thar na scoileanna scanrúil, mar sin is deas an rud é go bhfuil cineál éigin gnímh á dhéanamh faoi dheireadh.”

Tá tús curtha ag scoileanna sa réigiún le dul chun cinn a dhéanamh maidir le saincheisteanna sábháilteachta bóthair trí pháirt a ghlacadh sa tionscnamh Bealaí Sábháilte chun na Scoile, atá á reachtáil ag an Roinn Iompair.

Seoladh an tionscnamh Bealaí Sábháilte chun na Scoile i mí Márta 2021, agus tá sé mar aidhm aige bealaí siúil agus rothaíochta níos sábháilte a sholáthar do scoileanna agus bearta sábháilteachta a thabhairt isteach lasmuigh de gheataí na scoile.

Tá Scoil Sailearna ar cheann de na scoileanna sa réigiún atá ag déanamh dul chun cinn suntasach, agus tá sé tar éis dul isteach ina dara babhta maoinithe ón tionscnamh. Chuir an scoil comhairliúchán poiblí ar siúl, áit a rinneadh cinneadh plean chun trasbhealaí comharthaí luais agus eilimintí luais a thabhairt isteach don bhóthar.

Tá Scoil na bhForbacha, Scoil Sheámais Naofa agus Scoil Cholmcille i measc na naoi scoileanna atá ag obair i dtreo maoiniú a bhaint amach freisin chun sábháilteacht na ndaoine i gConamara a chinntiú. 

Exit mobile version