Deireadh seachctaine rathúil do mhuintir na Gaillimhe ag Oireachtas 2025

Chonaic Oireachtas na Samhna 2025 líon mór de Ghaeilgeoirí na Gaillimhe ar an stáitse ag an deireadh seachtaine, agus tugadh duaiseanna abhaile i gcúpla chatagóirí éagsúla.
Le comórtais amhránaíochta, damhsa, sceitsí agus neart eile, is i mBéal Feirste a bhí an féile cúig lá óstaithe i mbliana. Thaistil cathlán beag Gaeil suas as Gaillimh.
Is ag Micheál Frank Ó Confhaola a bhí an bua is mó den deireadh seachtaine, ag baint amach an chéad áit i gCorn Uí Riada, an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós is urramaí sa tír.
Ba é seo an tríú huair don bhfear as Conamara é a bhuaigh, agus é ag casadh ‘Neansaí Walsh’ don bpainéal.
Ní bheidh cead aige dul san iomaíocht arís, toisc go bhfuil sé sonraithe sna rialacha nach féidir le haon iomaitheoir an corn a bhuachan níos mó ná trí huaire.
As Carna ó dhúchas, ba duine de 21 iomaitheoirí é Ó Confhaola, 14 duine acu as Co. na Gaillimhe.
Bhí ar na hiomatheoirí uilig amhráin mall a chasadh i dtosach, agus ansin dá mbeadh siad glaoite ar ais, amhráin scioptha. Dá dara amhrán, a rogha scioptha, chas Ó Confhaola ‘Brídín Béasach’.
Bronntar an corn chuimhneacháin Seán Uí Riada, bonn ór agus míle chúig céad euro don gcéad áit. Chomh maith le sin, is féidir leis an mbuaiteoir dul chomh fada leis an gcomórtas amhránaíochta traidisiúnta ag an bhféile Pan-Cheilteach i 2026.
Ní hé sin an t-aon bua a bhí ag muintir na Gaillimhe san amhránaíocht- bhain Stiofán Ó Cualáin amach an chéad áit i gComórtas Sean-Nós na bhFear, lena leagan de ‘Tomás Bán Mac Aogáin’.
Chomh maith leis an amhránaíocht, bhí gach rath ar damhsóirí na Gaillimhe ag an gcomórtas steip.
Cé go raibh roinnt mhaith taispeántais mórthaibhseacha le feiceáil ó Ghaeilgeóirí as gach cearn den tír, bhain Becky Ní Éallaithe as na hAille, Indreabhán amach an chéad áit.
Céimí de chuid Scoil Cheoil Ollscoil Luimnigh, bíonn sí ag damhsa ag féilte timpeall na hÉireann agus na hEorpa.
Ní duaiseanna don cheol amháin a bhí ag filleadh ar Ghaillimh- bhain triúr as An Spidéal an chéad áit amach sa gComórtas Sceitse.
D’aithris Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin sceitse a scríobh siad os comhair painéil moltóirí agus lucht féachana.
Beidh an chéad Oireachtas eile i gCill Airne, i 2026.
Le Finnian Cox