Is í Catherine Connolly an deichiú huachtarán ar Éirinn

Le Finnian Cox
Tá ollbua bainte amach ag Catherine Connolly thar Heather Humphreys, chun a bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn .
Bhain an Ghaillimheach amach tromlach na vótaí I ngach toghlach, seachas amháin an Chabháin agus Mhuineacháin.
D’fhógair an iar-Ceann Comhairle agus Teachta Dála go raibh sé mar intinn aici ritheacht sa toghcháin in agallamh ar Raidió na Galetachta I mhí Iúil, tar éis míonna de amhaintríocht sna na meáin ar na iarrthóirí potéinsiúl.
D’fhógair an iarrthóir neamhspleách, a raibh tofa chuig an Dáil don triú uair I 2024, go raibh a ndotháin tacathóirí san Oireachtas daingnithe aici ar an 16ú lá de mhí Iúil.
Gaeilgóir líofa, d’úsáid Catherine Connolly a smacht ar an teanga chun tacaíocht a bhaint amach sna ceantair gaeltachta.
As seo a d’fhás cáineadh do Heather Humphreys, a mbris a gealltanas an teanga a fhoghlaim nuair a raibh sí roghnaithe mar an tAire don Gaeltacht.
Ghéill Humphreys ag am lón inné, nuair a raibh sé soiléir go mbeadh an bua ag Connollly. Bhraith sí comhghairdeachas léi, agus ghlac sí buíochas as na vótaí a bhfuair sí.
Dúirt sí go mbeadh Connolly ina ‘hUachtarán do Chách,’ tearma a d’úsáid ceannaire Sinn Féin, Mary Lou McDonald chomh maith.
D’eirigh le Connolly na phríomh-páirtithe ar an eite chlé a aontú taobh thiar di, le Sinn Féin, An Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, PBP agus an Páirtí Glas ag tabhairt tacaíocht di.
Rith Connolly (a raibh I gcónaí ar an eite chlé) ar fadhbanna bainteach leis an géirchéim tithíochta, athrú aeráide, agus neodracht na hÉireann.
Chomh maith le sin, thug sí tacaíocht d’Éire Aontaithe, ag caineadh nach raibh muintir ina gcónaí sna sé condaetha ábalta vótáil sa toghcháin
Sa Seantalamh, in Iarthar caithir na Gaillimhe a d’fhás Connolly suas, le 14 clainne ina teaghlach. Ní raibh sí ach naoi mbliana d’aois nuair a bhásaigh a máthair.
D’oibrigh sí mar glantóir, agus a bhain sí amach céim sa siceolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe- I ndiadh sin, bhain sí amach céim an mháistir sa tSíceolaíocht Chliniciúil in Ollscoil Leeds I 1981.
Chaith sí tamaill sa Ghearmáin, roimh a d’fhill sí ar Gaiillimh. Bhain sí céim sa Dlí amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, tar éis tamaill ag obair mar shíceolaí don bord sláinte.
Cé go raibh an ollbhua ag Connolly, níor eirigh léi conspóid a sheachaint go hiomlán I rith an feachtas.
Bhí sí ceistithe arís agus arís eile maidir le thuras a rinne sí chuig an tSiria I 2018, nuair a bhí sé faoi smacht an deachtóir Basha Al-Assad. Dúirt Connolly go raibh sí ar an turas chun firící a bhailiú, ina thóg sí cúirt ar campa teifigh do Palaistínigh I Aleppo.
Chomh maith le sin, bhí sí scrúdaithe maidir lena ráiteas ar Morning Ireland, inar a dúirt sí go raibh ‘Hamas mar chuid de fabraic muintir na Phalaistín.”
Beidh oirniú Connolly ar an 10ú lá de mhí na Samhna.
2 thoughts on “Is í Catherine Connolly an deichiú huachtarán ar Éirinn”